Cathain

Kila

Compositor: Rónán Ó Snodaigh

Cúrfá
Cathain a thiocfaidh tú abhaile chugam
Ó cathain a dtagfaimid muid le chéile arís
Cathain a thoicfaidh tú abhaile chugam
Fanfaidh mé ar an lá agus fanfaidh mé go dílis

Braithim go bhfuil tú in easnamh orm
Ó braithim uait mé braithim tú i bhfad
Braithim go bhfuil tú in easnamh orm
'S neadar cathain a bhlaisfidh mé do bheoladh arís

Cúrfá

Tá'n spéir fós ós mo chion, an talamh céanna fúm,
Na sléibhte i mo thimpeal mar a bhí siad a riamh
Tá'n taoide ag lionadh 's ag trá mar a bhíonn
Ach ní ach ar leath shiúl 'tá mé gan tusa le mo thaobh

Cúrfá

Feiceann mé do shúile i mo bhrionglóidí
Cloiseann mé do gháire agus mé í mo luí
Feiceann mé an bóthar ó mo fhuinneog ins an tigh
An bóthar úd a thóg tú gan mise le do thaobh.

Cúrfá

©2003- 2024 lyrics.com.br · Aviso Legal · Política de Privacidade · Fale Conosco desenvolvido por Studio Sol Comunicação Digital